Monday 16 July 2007

Steffan Cravos

...Lá Nua:

"D’éirigh an feachtas ar son Acht nua Teanga don Bhreatain Bheag ní ba theasaí thar an deireadh seachtaine nuair a gabhadh iar-Chathaoirleach Cymdeithas yr Iaith Gymraeg le linn agóide i mbaile Porthmadog. Bhí breis agus 150 duine i láthair Dé Sathairn ag léirsiú a d’eagraigh Cumann na Breatnaise taobh amuigh d’ollmhargadh Tesco sa bhaile tuaisceartach chun cur i gcoinne pholasaí an tsiopa gan comharthaí ná seirbhísí Breatnaise a sholáthar don phobal.

Rinne na hagóideoirí imshuí ag doras an ollmhargaidh agus thóg na péas Steffan Cravos, iar-Chathaoirleach an Chumainn, as póstaeir - a thug le fios go raibh Tesco druidte don lá - a chur ar na fuinneoga."

No comments: